Ár dara Gaelbhratach
Bhí sé mar phribhléíd mhór don scoil ár dara Gaelbhratach a bhailiú inné ag ócáid speisialta i gColáiste Muire Gan Smál. Míle buíochas don choiste ar fad as an obair dhian ar fad atá déanta acu i mbliana chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa scoil. Gabhaimid ár mbuíochas speisialta freisin do lucht na hÁrdteiste, Alex agus Niamh atá mar bhaill den choiste le dhá bhliain anuas. Bhí na himeachtaí go léir i mbliana eagraithe ag na daltaí féin agus stiúrtha ag ár muinteoirí Ms. Vaughan, Ms Ní Chlochartaigh agus Mr. Hanrahan.

